skip to main content

Gaol Gairid

Ray Mac Mánais, Cearbhall Ó Síocháin, Joe Ó Domhnaill Image Name: Ray Mac Mánais, Cearbhall Ó Síocháin, Joe Ó Domhnaill Description: Ray Mac Mánais, Cearbhall Ó Síocháin, Joe Ó Domhnaill
Ray Mac Mánais agus Joe Ó Domhnaill Image Name: Ray Mac Mánais agus Joe Ó Domhnaill Description: Ray Mac Mánais agus Joe Ó Domhnaill
Ray Mac Mánais agus Joe Ó Domhnaill Image Name: Ray Mac Mánais agus Joe Ó Domhnaill Description: Ray Mac Mánais agus Joe Ó Domhnaill

Tá deis eile ag éisteoirí an tsraith seo, a craoladh anuraidh den chéad uair, a chloisteáil le linn an tsamhraidh.  Gach seachtain bíonn beirt faoi agallamh a bhfuil dlúthchairdeas, gaol fola, nó gaol gairid eile eatarthu, agus inniu is iad na dlúthchairde Joe Ó Domhnaill agus Ray Mac Mánais a bheidh faoi agallamh ag Cearbhall Ó Síocháin.  As Béal Feirste ó dhúchas do Ray, cé go bhfuil sé ag cur faoi i mBaile Átha Cliath le blianta fada.  Is Iar-phríomhoide ar Ghaelsoil Míde i gCill Bharróg é.  Bhí sé mar oide Gaeilge ag an Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa agus scríobh sé a beathaisnéis.  Príomhoide i nGaelscoil Míde é Joe Ó Domhnaill, áit ar thosaigh sé ag múineadh in 1985 nuair a bhí Ray ina Phríomhoide ann.  As Gaoth Dobhair ó dhúchas do Joe ach tá sé lonnaithe anois san ardchathair.  Tá sár-aithne ag pobal Oireachtas na Gaeilge agus pobal na Gaeilge tré chéile ar Ray agus Joe beirt mar gheall ar a gcumas sna lúibíní agus agallamh beirte ach go háirithe.

This summer, listeners will get a second chance to hear this series originally broadcast last year, which features an interview every week with two people who have a close connection – either a relationship, a friendship, or blood relations.

This week’s guests are good friends Joe Ó Domhnaill and Ray Mac Mánais.  Ray is originally from Belfast, but has been living in Dublin for many years where he was Principal of Gaelscoil Míde in Kilbarrack until his retirement.  He taught Irish to former President Mary McAleese, and penned her biography.  Joe Ó Domhnaill, from Gaoth Dobhair originally, is the current Principal of Gaelscoil Míde, where he started teaching in 1985 when Ray was in that role.  Ray and Joe are very well-known to the Irish-language and Oireachtas communities due to their talent and success in sketches at the festival every year.   Cearbhall Ó Síocháin presents.