Anocht, beidh clár speisialta ag Jó Ní Chéide dúinn ag díriú ar an amhránaí agus an cumadóir John Hogan, atá 30 bliain ar bhóthar an cheoil. Tá John ar camchuairt ar fud na hÉireann i láthair na huaire mar cheiliúradh ar na blianta sin. Rugadh John i gCill Bheagáin i gCo na hIarmhí ach tá sé ag cur faoi i gCruachán i gCo Uíbh Fhailí le breis is 30 bliain anois. Thaistil sé ar fud na hEorpa, Mheiriceá agus níos faide ó bhaile sna blianta a caitheadh. Bhain a amhrán Stepping Stone barr na gcairteanna amach thall i Nashville. I meas na n-amhrán a bheidh le cloisteáil ar an gclár anocht, beidh All I have to offer you is me, I’ll buy her Roses, Stranger in our House, Country Boy agus an singil is deireanaí Rollin’ Home.
Tonight, Jó Ní Chéide brings us a special show on the music of John Hogan, who is celebrating 30 years in the music business this year. John is currently on a tour of Ireland to mark this milestone. He was born in Kilbeggan in Co. Westmeath, but has been living in Croghan in Offaly for more than 30 years now. Music has brought him all over Europe, to America and further afield over the years. His song Stepping Stone reached the top of the charts in Nashville. Other songs that will feature in tonight’s show are All I have to offer you is me , I’ll buy her Roses, Stranger in our House, Country Boy and the latest single Rollin’ Home.