skip to main content

Barrscéalta

Teach Solais Fhánada - Fanad Lighthouse Image Name: Teach Solais Fhánada - Fanad Lighthouse Description: Teach Solais Fhánada - Túr - tower in Fanad Lighthouse Copyright: Fanad Lighthouse
Teach Solais Fhánada Image Name: Teach Solais Fhánada Description: Teach Solais Fhánada - Túr - tower in Fanad Lighthouse Copyright: Fanad Lighthouse
Michelle Nic Grianna Press Image Name: Michelle Nic Grianna Press

Beidh caint, ceol agus craic ag Barrscéalta an tSamhraidh daoibh inniu agus iad ag craoladh beo ó cheann de na tithe solais is deise ar domhan, sin Teach Solais Fhánada ar chósta thuaidh Dhún na nGall.  Lonnaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, tá fás agus forbairt tagtha ar an seod luachmhar seo le roinnt blianta.  Tagann na mílte ar cuairt chuig an ceantar seo bliain i ndiaidh bliana anois, agus cluinfidh muid faoi stair an cheantair agus an teach solais féin, casfaidh muid le foireann agus le bainisteoirí na háite, agus gheobhaidh muid na scéalta móra ó charachtair mhóra Fhánada.  Michelle Nic Grianna a chuirfidh an clár i láthair.

Music, talk and craic live from one of the most beautiful lighthouses in the world today, Fanad Lighthouse in north Donegal, on Barrscéalta.  The lighthouse is situated on the Wild Atlantic Way, and has developed a lot in recent times.  Thousands visit this area every year, and we’ll hear today about the history of the region and the lighthouse, presenter Michelle Nic Grianna will meet the team there, and we’ll hear stories from some well-known characters from the area.