Is í an iascaireacht a bheidh faoi chaibidil in eagrán an lae inniu den tsraith samhraidh seo le hEibhlín de Bhailís bunaithe ar ábhar ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cloisfidh muid daoine ag cur síos ar an tábhacht a bhain leis an iascaireacht mar shlí mhaireachtála nuair a bhíothas ag streachailt leis an mbeagán, agus daoine eile ar thaitin sé leo a bheith ag iascach mar chaitheamh aimsire. Ar na cainteoirí a chloisfidh muid inniu beidh Peadar Sheáin Mhaitiú Ó Domhnaill as an gCeathrú Rua, Cóilín Ó Tuathail as na hAille in Indreabhán agus an máistir báid mhóir é fhéin, Johnny Bailey, as an Doirín Glas i Leitir Móir ó dhúchas.
Fishing is the theme of this week’s archive programme, presented by Eibhlín de Bhailís. We’ll hear descriptions of fishing as a way of life when times were tough, and others talk about it as a pastime. The speakers will include Peadar Sheáin Mhaitiú Ó Domhnaill from An Cheathrú Rua, Cóilín Ó Tuathail from na hAille in Indreabhán and the legendary Johnny Bailey from an Doirín Glas in Leitir Móir.