Tá An Taobh Tuathail ag ceiliúradh 18 bliain ar an aer anocht le clár an-speisialta. Tá Cian Ó Cíobháin chun an clog a chasadh siar, agus an clár a chur i láthair amhlaidh is gur 1972 a bhí ann, an bhliain ar cuireadh tús le Raidió na Gaeltachta. Cén ceol a bheadh á chasadh aige dá mbeadh ATT ar an aer 45 bliain ó shin? Beidh le feiceáil, ach seans láidir go gcloisfear leithéidí luath-cheol Bowie, Lou Reed, Can, Cymande, The Stooges, Judee Sill, Tangerine Dream, David Axelrod, BBC Radiophonic Workshop, The Sonics, Funkadelic, Shuggie Otis, Love, The 13th Floor Elevators agus tuilleadh nach iad. Má tá moltaí agatsa do #AnTT18 cuir chuig Cian ar Twitter, Facebook, Spotify nó ar ríomhphost iad.
An Taobh Tuathail celebrates 18 years on the airwaves tonight with a very special broadcast. Cian Ó Cíobháin is bringing us back in time to present the show as if it were 1972, the year Raidió na Gaeltachta began broadcasting. Listeners are welcome to send in suggestions for music for the show, but the selection is likely to include early Bowie, Lou Reed, Can, Cymande, The Stooges, Judee Sill, Tangerine Dream, David Axelrod, BBC Radiophonic Workshop, The Sonics, Funkadelic, Shuggie Otis, Love, The 13th Floor Elevators, and more! Let Cian know which tracks you’d like to hear on #AnTT18 via Twitter, Facebook, Spotify or email.