skip to main content

Siúlach Scéalach

Michael Mallin and Countess Markievicz (1916) Image Name: Michael Mallin and Countess Markievicz (1916) Description: Michael Mallin and Countess Markievicz (1916) Copyright: RTÉ Archives
Countess Markievicz (1917) Image Name: Countess Markievicz (1917) Description: Countess Markievicz (1917) Copyright: RTÉ Archives
Countess Constance Markievicz released from prison (1917) Image Name: Countess Constance Markievicz released from prison (1917) Description: Countess Constance Markievicz released from prison (1917) Copyright: RTÉ Archives

Tharla Éirí Amach na Cásca cothrom an lae amárach 101 bliain ó shin, 24ú Aibreán 1916, agus mar chuimhneachán air sin cloisfidh muid taifead ón chartlann ina dtugann an tOllamh Liam Ó Briain cuntas fíor-shuimiúil ar an troid a tharla timpeall Fhaiche Stiabhna agus an aithne a chuir sé ar an Chuntaois Markievicz agus Michael Mallin a  bhí ag troid ansin agus an bheirt acu san Arm Cathartha.  Bhí ard-mheas aige ar a Chuntaois Markievicz as a crógacht agus an méid a rinne sí ar son na mbochtán i mBaile Átha Cliath.  Fosta, beidh blaiseadh den tráchtaireacht a déanadh ar an pharáid mhíleata a bhí i mBaile Átha Cliath Domhnach Cásca 1966 le Niall Tóibín, Breandán Ó hEithir, Terry O’Sullivan agus Terry Wogan mar thráchtairí le cloisteáil ar an chlár.  Sa darna cuid den chlár cloisfidh muid leagan Sheáin Uí Riada agus Cheoltóirí Chualann de “Fiach an Mhada Rua” mar a thaifead siad é do Radio Éireann.  Láithriú agus léiriú le hIan Lee.

Tomorrow will be 101 years since the start of the Easter Rising, the 24th April 1916.  To mark the event, we’ll hear a recording from the archives of Professor Liam Ó Briain vividly recalling the fighting around Stephen’s Green and how he got to know Countess Markievicz and Michael Mallin, both members of the Citizen Army.  Ó Briain greatly admired Countess Markievicz’s bravery and her efforts to help the poor of Dublin.  Also featured will be some extracts from Radio Éireann’s commentary on the military parade which took place on Easter Sunday 1966 with Niall Tóibín, Breandán Ó hEithir, Terry O Sullivan and Terry Wogan as commentators.  The second half of the programme will feature Seán Ó Riada and Ceoltóirí Chualann’s version of “The Fox Chase” as recorded for Radio Éireann.  Presented and produced by Ian Lee.