Bhí Gradaim Cheoil NÓS 2017 ar bun sa Sugar Club ag deireadh mhí Eanáir. Ba é seo an dara huair ag an irisleabhar NÓS gradaim a reáchtáil dírithe ar an nuacheol Gaeilge. Bhí seacht mbanna ar an ardán ar an oíche, ina measc Aeons, Dysania agus Spats Colombo, agus ba é Cian Ó Cíobháin a chuir an ócáid i láthair. Cloisfimid cuid den cheol ón oíche sin a taifeadadh beo i gClub an tSiúicre i mBaile Átha Cliath ar an gclár seo anocht. Cian Ó Cíobháin a chuirfidh an clár i láthair.
The NÓS Music Awards celebrating Ireland’s burgeoning Irish-language music scene took place in January of this year. This is the second year of the awards established by NÓS online magazine. There were seven bands in total who took to the stage that night, including Aeons, Dysania and Spats Colombo, and Cian Ó Cíobháin presented the event. On this programme tonight, we’ll hear the music recorded live that night in the Sugar Club, presented by Cian Ó Cíobháin.