skip to main content

Máirtín Thornton

Seán Bán Breathnach Image Name: Seán Bán Breathnach Description: Seán Bán Breathnach Copyright: RTÉ

Clár speisialta faoin dornálaí trom-mheáchain Máirtín Thornton ón Spidéal, a bheadh 100 bliain d’aois i mbliana dá mairfeadh sé.  Thugtaí an Connemara Crusher air, agus ba é Seaimpín Trom-Mheáchain na hÉireann i 1943 é. Orthu siúd a bheas le cloisteáil againn ar an gclár beidh Joe Ó Droighneáin, Máirtín Tom Ó Flatharta, Seán Bán Breathnach, Maidhc P. Ó Conaola, Seán Ó Coisdealbha agus Paddy Mac Giolla Phádraig.  Chomh maith le bheith ina dhornálaí cáiliúil, ba jabaire beithíoch a bhí ann chomh maith le bheith ina cheoltóir agus ina fhear spóirt.  Ghlac sé páirt sna scannáin The Quiet Man agus The Rising of the Moon.  Máire Áine Ní Chuaig a chuirfidh an clár i láthair.

A special programme about Irish heavyweight boxer Máirtín Thornton from An Spidéal, who would have been 100 years of age this year had he lived.  Nicknamed the Connemara Crusher, he was Irish Heavyweight Boxing Champion in 1943.  As well as being a well-known boxer, Máirtín was also a musician and a sportsman, and acted in films The Quiet Man and the Rising of the Moon.  Contributors to the programme include Joe Ó Droighneáin, Máirtín Tom Ó Flatharta, Seán Bán Breathnach, Maidhc P. Ó Conaola, Seán Ó Coisdealbha and Paddy Mac Giolla Phádraig.  Máire Áine Ní Chuaig presents.