skip to main content

Seal Cuideachta

Helen Ó Cíosáin Image Name: Helen Ó Cíosáin Description: Helen Ó Cíosáin
Máirín Nic Con Iomaire Image Name: Máirín Nic Con Iomaire Description: Máirín Nic Con Iomaire

Caithfidh Máirín Nic Con Iomaire seal i gcuideachta chúigear as ceantracha difriúla fud fad na tíre agus iad ag trácht ar a saol féin agus imeachtaí a linne sa tsraith seo, agus inniu beidh sí i mbun comhrá le Helen Ó Ciosáin.

Iníon í Helen le Seán Beaumont a bhunaigh an nuachtán An tÉireannach sna 30aidí, rinne sí céim sa nGearmáinis – teanga a mhúin a máthair di.  Thóg siad isteach triúr cailíní beaga Gearmánacha i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda a chaith trí bliana leo sular fhill siad ar a muintir thall agus bíonn Helen i dteagmháil fós leis an gcailín is sine.  As Baile Bhrigín agus Rath Maonais ó dhúchas do Helen, agus thóg sí féin agus a fear Séamus, nach maireann, a gclann le Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus rinne sí obair na gcapall in imeacht na mblianta leis na Naíonraí Gaelacha & an Comhchoiste Réamhscolaíochta.  Láithriú agus léiriú le Máirín Nic Con Iomaire.

Máirín Nic Con Iomaire meets five individuals from all parts of the country and hears their stories and account of their life in this series, and Helen Ó Ciosáin is today’s guest.

Her father, Seán Beaumont, a Presbyterian from Ballinrobe, was the founder of the weekly newspaper An tÉireannach in the 1930s.  Her mother taught her German, which she went on to study at University.  The family took in three little German girls after the Second World War and they remained with them for three years before being reunited with their parents in Germany and Helen is still in touch with the eldest girl.  Born in Dublin, Helen and her late husband Séamus, raised their family with Irish.  Her contribution to Irish Language pre-schooling through her long years of work with Na Naíonraí Gaelacha has been nothing short of trojan.  Presented and produced by Máirín Nic Con Iomaire.