Fógróidh an tAire Airgeadais Michael Noonan Cáinaisnéis 2017 inniu, agus beidh an clár seo á chraoladh beo ó Theach Laighean áit a mbeidh painéal cainteoirí i mbun anailíse ar an gcáinaisnéis. Orthu siúd ar an bpainéal, beidh an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin, an comhairleoir cánach Ciarán Ó Feinneadha, an saineolaí airgeadais Conall Ó Móráin, an t-iar Aire Airgeadais Alan Dukes agus an t-iriseoir Máirín Ní Ghadhra. Beidh ionadaithe ó pháirtithe polaitiúla na tíre ag tabhairt a léargas siúd ar an méid atá fógartha inniu freisin le linn an chláir. Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a chuirfidh an clár i láthair.
Minister for Finance Michael Noonan will deliver Budget 2017 today, and this programme will be broadcast live from Leinster House, where a panel of speakers, including journalist Áine Ní Chiaráin, tax consultant Ciarán Ó Feinneadha, financial expert Conall Ó Móráin, former Minister for Finance Alan Dukes and journalist Máirín Ní Ghadhra, will offer analysis of the budget as it is announced. Representatives of the country’s various political parties will also present their opinions of the budget during the show. The programme will be presented by Gormfhlaith Ní Thuairisg.