Beidh mír rialta nua le cloisteáil ar Iris Aniar gach coicís feasta faoi chúrsaí beatha san iarthar, le Sarah Ní Shúilleabháin, bean óg atá ag cur fúithi i gCaisleán an Bharraigh i Maigh Eo. Inniu, beidh Sarah agus láithreoir an chláir Eibhlín Ní Chonghaile ag tabhairt cuairt ar Ghrúdlann Oileán Éadaigh in Iarthar Mhaigh Eo chun labhairt leis na húinéirí ansin faoina ngnó.
A new regular feature every fortnight on Iris Aniar with Sarah Ní Shúilleabháin, a young woman living in Castlebar, will shine a spotlight on food and drink in the west. Today, Sarah and presenter Eibhlín Ní Chonghaile will be visiting the Oileán Éadaigh West Mayo Brewery to learn about their business.