skip to main content

Rónán Beo @3

Na Mooneys Image Name: Na Mooneys Description: Na Mooneys - Anna, Mairéad, Ciarán, Gearóid
Na Mooneys Image Name: Na Mooneys Description: Na Mooneys - Ciarán, Mairéad, Gearóid agus Anna

Beidh an teaghlach ceolmhar as Cois Cláidí i nGaoth Dobhair, Clann Uí Mhaonaigh/Na Mooneys, ag seoladh a gcéad albam mar ghrúpa teaghlaigh go hoifigiúil ar Rónán Beo @3 inniu.

Rugadh agus a tógadh an teaghlach i nGaeltacht Ghaoth Dobhair in iar-thuaisceart Dhún na nGall, ceantar a bhfuil clú an cheoil agus an chultúir air.  Is iad na deirfiúracha Mairéad Ní Mhaonaigh (guth agus fideal) agus Anna Ní Mhaonaigh (guth agus feadóg), a ndeartháir Gearóid Ó Maonaigh (giotár), agus mac Ghearóid, Ciarán Ó Maonaigh (fideal) Na Mooneys.  Seo clann Phroinsias Uí Mhaonaigh nach maireann, an múinteoir scoile agus fidleoir aitheanta ò Ghaoth Dobhair, agus Kitty Rua (née Ní Ghallchóir).  Beidh ceol agus comhrá leo beo sa stiúideo inniu, agus beidh Nia Ní Bheirn agus Manus Lunny ina dteannta. Tá meascán d’amhráin agus foinn, idir úr agus sean, ar an cheirnín úr, agus beidh blaiseadh eisiach agus leaganacha beo de na píosaí sin le cluinstin ar an chlár inniu.  Beidh an clár á chraoladh beo ar líne freisin ar leathanach Facebook an chláir.

The well-known musical Ó Maonaigh/Mooney family from Cois Cláidí in Gaoth Dobhair will officially launch their new album live in studio today.

The Mooneys were born and reared in the Gaoth Dobhair Gaeltacht in Donegal, an area rich in music and culture.  The group is made up of sisters Mairéad Ní Mhaonaigh (vocals and fiddle) and Anna Ní Mhaonaigh (vocals and whistle), their brother Gearóid Ó Maonaigh (guitar), and his son Ciarán Ó Maonaigh (fiddle).  This is the first album for the family as a musical group, and today Rónán will have them live in studio to play, and to talk about the new album which features songs and tunes, both new and old, and we’ll hear exclusive versions of those tunes on the show.  Watch it all live online on the Rónán Beo @3 Facebook page.