Ceol traidisiúnta a taifeadadh beo ag féilte, coirmeacha agus imeachtaí éagsúla eile a bhíonn ag Neansaí Ní Choisdealbha dúinn gach Céadaoin ar Ceol Binn ó na Beanna. Inniu, beidh roinnt píosaí ceoil agus amhráin aici dúinn ó Oireachtas 1976 i gCois Fharraige, ina measc ceolchoirm a thug Aileach – Dinny McLoughlin, Pat McCabe, Bernard Heaney agus Brian McRoary. Déanfaidh Oireachtas Chois Fharraige ag an deireadh seachtaine ceiliúradh agus comóradh ar an ócáid sin 40 bliain ó shin.
Neansaí Ní Choisdealbha brings us traditional music recorded live at festivals, concerts and events throughout the country every Wednesday on Ceol Binn ó na Beanna. This evening, she will bring us music and song recorded at the Oireachtas held in the Cois Fharraige area of Connemara in 1976, including a concert by Aileach – Dinny McLoughlin, Pat McCabe, Bernard Heaney agus Brian McRoary. This coming weekend, there will be a special celebration to mark 40 years since that event took place during Oireachtas Chois Fharraige.