skip to main content

Mise agus 1916

Alan Titley Image Name: Alan Titley Description: Alan Titley Copyright: Alan Titley
Áine Ní Ghlinn Image Name: Áine Ní Ghlinn Description: Áine Ní Ghlinn, údar/author

Sa chlár seo, cloisfimid aistí raidió ar théama 1916 ó Áine Ní Ghlinn, Alan Titley, Darach Ó Scolaí, Eilís Ní Anluain agus Seán Ó hArgáin.

Tugann Áine Ní Ghlinn chun cuimhne an t-eolas a bhí aici féin ar stair na tíre mar dhuine óg, agus déanann sí comparáid leis an easpa eolais, dar léi, atá ag glún óg an lae inniu ar stair na réabhlóide.  Litir don saighdiúir aineoil atá ag Alan Titley dúinn, ag cur i gcuimhne dúinn nach in Éirinn amháin a bhí daoine á marú le linn 1916 ach ar pháirceanna an áir ag an Somme agus ar fud na hEorpa.  Deir Darach Ó Scolaí ina aiste siúd gur ró-mhinic a phléitear Éirí Amach na Cásca i bhfolús, agus nach dtugtar dóthain airde ar an bhfís a thug ar laochra na Cásca éirí amach in aghaidh Shasana.  Labhrann Eilís Ní Anluain faoin iomaí macalla a bhí ag Éirí Amach na Cásca le linn tréimhsí éagsúla dá saol féin.  Faoi dheireadh, cloisfimid ó Sheán Ó hArgáin, iar-Ard Mhéara Chill Chainnigh de chuid an Lucht Oibre, ag cur síos ar a chúlra polaitiúil agus teaghlaigh féin i gcomhthéacs chomóradh an Éirí Amach.

Láithriú agus léiriú le Fachtna Ó Drisceoil.

 

In this programme, the final one in a two-part series featuring radio columns on the theme of 1916, we’ll hear from Áine Ní Ghlinn, Alan Titley, Darach Ó Scolaí, Eilís Ní Anluain and Seán Ó hArgáin.

In her column, Áine Ní Ghlinn recalls her understanding of our history as a young person, and compares that to what she sees as the huge lack of knowledge of young people today on this topic.  Alan Titley has penned a letter to unknown soldier, reminding us of the horror that was taking place across Europe at the time, not just in Ireland.  In his contribution, Darach Ó Scolaí argues that the discussion around the 1916 Rising often doesn’t give enough consideration to the vision that inspired the heroes of 1916 to rebel against England.  Eilís Ní Anluain talks about the many echoes of 1916 that she felt at different stages throughout her own life.  Finally, we’ll hear from Seán Ó hArgáin, former Labour Mayor of Kilkenny, about his own political and family background in the context of the 1916 commemorations.

Presented and produced by Fachtna Ó Drisceoil.