skip to main content

Seosamh Mac Grianna

Clann Mhic Grianna Image Name: Clann Mhic Grianna Description: Writer Seosamh Mac Grianna, back, second from right, with his family.
Seosamh Mac Grianna Image Name: Seosamh Mac Grianna Description: Seosamh Mac Grianna
Seosamh Mac Grianna Image Name: Seosamh Mac Grianna Description: Seosamh Mac Grianna

I mí Iúil 2015 reáchtáladh ócáid chomórtha in Áislann Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna, ‘Rí-Éigeas na nGael’, arb é Rann na Feirste a bhaile dúchais féin.  Is fada Seosamh aitheanta mar cheann de mhórscríbhneoirí na hathbheochana agus tá áit bhuan greanta aige dó féin i stair litríocht na Gaeilge.  Sa tsraith seo cluinfimid na léachtaí uilig a tugadh le linn na hócáide chomórtha sin ar ghnéithe éagsúla dá shaol agus dá shaothar.  Inniu, tosóidh an tsraith le léacht le Seán Mac Labhraí dár teideal ‘Seosamh Mac Grianna agus an Wanderlust’, cur síos ar an fhonn siúil a bhíodh i gcónaí ar Mhac Grianna.   Damien Ó Dónaill a chuirfidh an tsraith i láthair.

In July 2015 a special commemorative event was held in Rann na Feirste in the Donegal Gaeltacht on the life and work of acclaimed writer Seosamh Mac Grianna, from the area.  Seosamh is acknowledged as one of the greatest writers of the Irish-language revival, and he has carved a place for himself in the history of Irish-language literature.  In this special 5 part series, we will hear the lectures that formed part of the commemorative event, each focused on a different element of Mac Grianna’s life and work.  Today, the series begins with a lecture by Seán Mac Labhraí entitled ‘Seosamh Mac Grianna agus an Wanderlust’ about Mac Grianna’s undying desire to be out walking.  Damien Ó Dónaill presents the series.