Anocht, cloisfimid an ceolchoirm Cairde Charna a taifeadadh níos luaithe i mbliana sa Chultúrlann i mBaile na Manach i mBaile Átha Cliath, lárionad Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Eagraíodh an ócáid chun airgead a bhailiú d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna agus bhí togha na gceoltóirí ó cheantar Chonamara ar stáitse, chomh maith le neart ceoltóirí den scoth ó cheantair eile. Orthu siúd a bhí ar stáitse bhí Josie Sheáin Jeaic, Johnny Mháirtín Learaí, Róisín Nic Dhonnchadha, Johnny McDonagh, Clann Uí Raghallaigh, Oisín Morrison, Macalla na hÉireann 2015, Seán Ó Sé agus Peadar Ó Riada, gan ach cuid acu a lua. Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair.
Tonight, we’ll hear the Cairde Charna concert recorded earlier this year in the Comhaltas Ceoltóirí Éireann HQ An Chultúrlann in Monkstown, Dublin. The event was a fundraiser for the Emigrant Centre in Carna, and featured some of the top traditional talent in Connemara, as well as talented musicians from other parts of the country. Tune in to hear performances from Josie Sheáin Jeaic, Johnny Mháirtín Learaí, Róisín Nic Dhonnchadha, Johnny McDonagh, Clann Uí Raghallaigh, Oisín Morrison, Macalla na hÉireann 2015, Peadar Ó Riada and Seán Ó Sé, to name but a few. Neansaí Ní Choisdealbha presents.