Inniu, is é Seán Ó Flaithile a bheidh faoi agallamh ag Seán Bán Breathnach. As Cinn Mhara i ndeisceart Cho. na Gaillimhe do Sheán ó dhúchas, agus is ann a fuair sé aithne den chéad uair ar an nGaeilge ó na bádóirí a bhíodh ag teacht trasna Chuan na Gaillimhe le móin. Tar éis na scoile, fuair sé oiliúint mar mhúinteoir bunscoile i gColáiste Naomh Pádraig i mBÁC agus chuaigh sé ag teagasc i gcathair na Gaillimhe. Bhí an-spéis aige ariamh i gcúrsaí spóirt. Is cuimhin leis go maith an lá ar oscail Raidió na Gaelteachta, agus rith sé leis nach raibh aon bhéim á chur ar chúrsaí spóirt ag an stáisiún nua. Scríobh sé litir chuig an gCeannaire faoi, agus ansin trí seachtaine níos deireanaí fuair sé litir ar ais ag tairiscint poist dó le cúrsaí spóirt sa raidió. Tá sé ag obair mar thuairisceoir ar thorthaí na Gaillimhe do RnaG ariamh ó shin agus bíonn sé le cloisteáil ar chláracha spóirt na seirbhíse gach deireadh seachtaine. D’éirigh sé as an mhúinteoireacht i 2002, agus tá an domhan siúlta aige féin agus a bhean ó shin. San agallamh seo inniu labhrann sé le SBB faoina shaol agus a shaothar.
Today, we hear an interview with Seán Ó Flaithile, who has been the Galway results reporter on RnaG’s sports programmes for more than 40 years. Seán is from Kinvara in south Co. Galway, and it was there that he first became interested in the Irish language, when he would hear it from the Connemara boatmen who came across Galway Bay with boatloads of turf. After school, Seán trained as a teacher, and came to work in Galway city. He remembers being at home the day RnaG came on air in 1972, and he was amazed that the new radio station didn’t seem to be putting any emphasis on sport. He wrote to the station head about this, and got a reply 3 weeks later offering him a job. He was been working with the station ever since as a reporter, particularly the Galway results reporter each weekend. He retired from his teaching job in 2002 and has travelled the world with his wife since then. In the show today, he speaks to Seán bán about his life and work.