Deis eile an clár seo a chloisteáil, a taifeadadh ag scoil cheoil ‘Meitheal’ i gcathair Luimní sa samhradh. Bíonn an scoil ar siúl gach bliain, faoi stiúir Garry Shannon, agus tráthnóna cloisfimid coirm cheoil mhór na scoile a taifeadadh beo i mí Iúil. Tá an scoil dírithe ar cheoltóirí óga san déaga a bhfuil ard-chumas ceoil iontu, agus tá sé ar an bhfód le os cionn deich mbliana. Tumoideachas ceoil atá i gceist ar feadh seachtaine, agus bíonn máistir ranganna ag na daltaí, chomh maith le ceardlanna i gcumadóireacht agus i gcóiriú an cheoil. Tráthnóna cloisfimid na daltaí, agus cuid de na múinteoirí, mar a chas siad ar stáitse ag ceolchoirm mhór na scoile. Ar chuid de na ceoltóirí a chloisfimid beidh, Colm Gannon, Caitlín Nic Gabhann, Cormac Begley agus Karen Tweed. Neansaí Ní Choisdealbha sa chathaoir.
This evening, listeners will get another chance to hear the finale concert of the Meitheal summer school, recorded live in Limerick in July. The Meitheal Summer School is run by Garry Shannon, and was established over 10 years ago for advanced level teenage traditional musicians. It’s a week of total immersion, which includes masterclasses, as well as workshops in composition and musical arrangement. In the concert this evening we will hear students, as well as some of their tutors, as they performed in the finale concert of the school. Tutors included Colm Gannon, Caitlín Nic Gabhann, Cormac Begley and Karen Tweed. Neansaí Ní Choisdealbha presents.