OÍCHE NA GAOITHE MÓIRE

NightOfTheBigWind Oíche na Gaoithe Móire press pack Image Name: NightOfTheBigWind Oíche na Gaoithe Móire press pack

 

Oíche na Gaoithe Móire (The Night of the Big Wind) is a new, dramatic documentary that brings to life one of the most terrifying storms in Irish history, the night hurricane-force winds swept across Ireland bringing death, destruction and enduring fear of the power of nature.

In an era in which climatologists warn of  increasingly extreme weather conditions, and in light of the recent winter storms of 2014, the story of Oíche na Gaoithe Móire is not so much a lesson in history as a vivid warning of what may yet come again.

Using dramatic reconstruction, special effects and visual effects to embody the brutal power of the wind, this documentary brings to life the fear and suffering felt in almost every village, town and city in Ireland when this mega storm tracked north eastwards with winds that raged with record breaking intensity. Through specialist interview from climatologists, folklorists and Met Éireann we learn how the storm made headline news in the press of the day and how stories of that terrifying night became engrained in Irish folklore for generations to come.

Occurring on the 6th January, 1839, the Feast of the Epiphany and arriving in the middle of night without warning, the storm was felt by many as the wrath of God or the devil, or the work of the ‘fairies’.  Whatever the cause, it was the worst storm in 300 years and still, to this day, has yet to be paralleled. But today, as we face up to climate change, we ask what is at the centre of our changing weather patterns and how likely is a return of a storm of this magnitude?

Oíche a Gaoithe Móire is a Lagan Media Production for RTÉ and BBC Northern Ireland and made with funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and the Broadcasting Authority of Ireland.

 

Is scannán faisnéise nua, drámatúil é Oíche na Gaoithe Móire (The Night of the Big Wind) a chuireann beocht agus cruth na réaltachta ar a insint ar cheann de na stoirmeacha is uafásaí i stair na hÉireann, an oíche úd ar shéid gaotha a raibh fórsa hairicín iontu ar fud na hÉireann, gaotha a d’fhág an bás, an léirscrios agus buaneagla roimh neart an dúlra mar oidhreacht ina ndiaidh.

Is minic a bhíonn clíomeolaithe ag tabhairt rabhaidh dúinn na laethanta seo faoi thosca aimsire atá ag dul in olcas agus ag éirí níos antoiscí i rith an ama, agus i bhfianaise na stoirmeacha geimhridh a bhí againn ar na mallaibh i 2014, ní ceacht staire atá i scéal ‘Oíche na Gaoithe Móire’ – is mó is cosúil le rabhadh é faoi rud a tharla roimhe agus a d’fhéadfadh tarlú arís.

 

Baintear úsáid as athchruthú drámatúil, éifeachtaí speisialta agus éifeachtaí físiúla le cumhacht brúidiúil na gaoithe a chur in iúl sa scannán faisnéise sárspéisiúil seo, a léiríonn go réalaíoch an eagla agus an fhulaingt a bhí ann i mbeagnach gach sráidbhaile, gach baile mór agus gach cathair in Éirinn, nuair a bhog an ollstoirm seo soir ó thuaidh le gaotha a bhí chomh dian sin gur sháraigh siad gach curiarracht. Beidh agallaimh ann le saineolaithe sa chlíomeolaíocht agus sa bhéaloideas agus le saineolaithe de chuid Met Éireann, agallaimh ina mbeidh muid ag foghlaim faoin dóigh a ndearnadh scéal mór den stoirm i nuachtáin an lae agus an dóigh ar éirigh scéalta na hoíche scanrúile sin ina ndlúthchuid de bhéaloideas na nGael go ceann na gcéadta bliain.

Is ar an 6ú lá de Mhí Eanáir, 1839, an Nollaig Bheag, a tharla sí. Tháinig an stoirm i lár na hoíche gan choinne, agus shíl a lán daoine gur díbheirg Dé nó fíoch an diabhail a bhí ann, sin nó gur drochobair ‘an tslua sí’ a bhí ann. Cibé rud ba chúis léi, ba í Oíche na Gaoithe Móire an stoirm ba mheasa le 300 bliain anuas agus ní fhacthas a leithéid go dtí an lá atá inniu ann. Ach anois, agus fadhb an athraithe aeráide romhainn, ní mór a fhiafraí, cad é atá i gceartlár na bpatrún aimsire seo a bhíonn ag síorathrú, agus cé chomh dócha is atá sé go mbeadh stoirm chomh holc léi arís ann?

Is léiriú de chuid Lagan Media é Oíche na Gaoithe Móire do RTÉ agus BBC NI agus is le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus ó Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh é.