Bach to Basics

John Toal 2 Image Name: John Toal 2

Bach to Basics
Inniu, cloisfimid an chéad chlár i sraith nua faoin gceol clasaiceach.  Is é an láithreoir raidió John Toal, a bhíonn le cloisteáil ar an BBC, a chuirfidh an tsraith i láthair.  Roinnfidh sé a ghrá agus a chuid saineolais don cheol clasaiceach linn sna cláracha seo faoi chuid de na cumadóirí clasaiceacha is fearr a bhí ariamh ann.  Sa chéad chlár seo, roghnaíonn John píosaí ceoil de chuid Johann Sebastian Bach a léiríonn saol agus oidhreacht an chumadóra.  Léiriú de chuid an BBC i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Today, we will hear the first programme in a new classical music series.  Radio presenter John Toal, from the BBC, will present the show.  He will share his passion and expertise on classical music with us in these programmes about the best classical composers in history.  Today, in the first show, John introduces us to Johann Sebastian Bach, with music that illustrates his life and his legacy.  A BBC production in partnership with RTÉ Raidió na Gaeltachta.
RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domh 4 Eanáir / Sun 4 Jan 10.30 am