Sa tsraith nua seo, beidh aíonna faoi agallamh ag Seán Bán Breathnach, SBB, agus iad ag caint faoin mbliain atá caite acu, agus an bhliain atá amach romhainn. Inniu, is é Seán Ó Domhnaill ón gCeathrú Rua a bheidh faoi agallamh. Tá Seán ina bhainisteoir ar Chomharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, agus insíonn sé do Sheán Bán faoi na háiseanna agus na seirbhísí uilig atá ar fáil ansin acu. Bhí Seán ar fhoireann peile na Gaillimhe nuair a bhuaigh siad Cluiche Ceannais na hÉireann i 1998 agus 2001, agus anois tá sé i mbun foirne a bhainistiú in Uachtar Ard. Labhrann sé faoi CLG an lae inniu, a chuid tuairimí faoi chluiche ceannais na hÉireann idir Dún na nGall agus Ciarraí, an t-athrú atá tagtha ar rudaí óna linn-se, agus an baol a fheictear dó go bhfuil an iomarca brú ar na himreoirí.
In this series, Seán Bán Breathnach, SBB, will be interviewing guests about the year they have had, and the year that’s ahead for them. Today, he speaks to former All-Ireland winning Galway footballer Seán Ó Domhnaill from An Cheathrú Rua, Co. Galway. Seán is manager of the co-op in An Cheathrú Rua, Comharchumann Mhic Dara, and he shows Seán around and tells him about the various services available to the public there. Seán played on the Galway All-Ireland winning football teams in 1998 and 2001, and now trains teams in Uachtar Ard. He speaks to Seán Bán about the GAA today, and the changes he has seen, this year’s All Ireland between Donegal and Kerry, and the danger he sees of player burnout.