Sa tsraith seo, beidh aíonna faoi agallamh ag Seán Bán Breathnach, SBB, agus iad ag caint faoin mbliain atá caite acu, agus an bhliain atá amach romhainn. Inniu, sa chéad chlár sa tsraith, cloisfimid agallamh le hIrial Mac Murchú, bunaitheoir agus úinéir NemetonTV. Tá cúlra iriseoireachta agus raidió ag Irial, agus bhíodh sé ag obair do leithéidí Raidió RTÉ agus Raidió na Gaeltachta sna 90í. Bhunaigh sé NemetonTV sa bhliain 1994. Duine amháin a bhí ag obair ann an t-am sin, agus anois tá suas le 50 duine fostaithe ann i Rinn Ó gCuanach, inGaeltacht na nDéise, Co. Phort Láirge. Léiríonn NemetonTV na céadta uaireanta an chloig teilifíse, ina measc GAA Beo, Rugbaí Beo agus Laochra Gael do TG4. Cuireann an comhlacht seirbhísí craoltóireachta satailíte ar fáil do chraoltóirí ar fud an Domhain, freisin, agus tá go leor gradam buaite acu. Inniu, beidh Irial faoi agallamh ag SBB.
In this series, Seán Bán Breathnach, SBB, will be interviewing guests about the year they have had, and the year that’s ahead for them. Today, in the first programme in the series, SBB will interview Irial Mac Murchú, founder and owner of NemetonTV. Irial has a journalism and radio background, working for the likes of RTÉ Radio and Raidió na Gaeltachta in the 90s. He founded NemetonTV in 1994, with just one person employed, and it has grown since then to currently employing up to 50 people. They produced hundreds of hours of TV each year, including GAA Beo, Rugbaí Beo and Laochra Gael for TG4. The company provides satellite broadcast services to broadcasters all over the world, and has won many awards. Today, Irial speaks to SBB.