Inniu, beidh deis eile ag éisteoirí an clár faisnéise seo le Cearbhall Ó Síocháin a chloisteáil.
Cuirfidh táillí uisce brú breise ar sparán an teaghlaigh agus ag an am céanna tá dúshlán mór romhainn uilig uisce a chaomhnú mar gur acmhainn nádúrtha fíor-thábhachtach atá ann. Sa chlár faisnéise seo Uisce Beatha: Cad a dhéanfaimid feasta le báisteach, díríonn Cearbhall Ó Síocháin ar uisce báistí – cén úsáid a bhainimid as faoi láthair, agus conas a d’fhéadfaimis úsáid níos ciallmhaire agus níos cliste a bhaint as.
Míneoidh sé conas ar féidir linn uilig airgead a shábháil ar na billí uisce, na bealaí is fearr agus is saoire le huisce a chaomhnú, agus mar a d’fhéadfadh an stát an deis seo a thapú an acmhainn nádúrtha is mó atá againn a úsáid ar bhealach níos fearr. Don chlár seo, chuaigh Cearbhall go hInis Oírr áit ar labhair sé beirt fheirmeoirí, Mícheál Ó Fátharta agus Máirtín Ó Coisdealbha, faoi chaomhnú uisce ar an oileán. Thaisteal sé go hEicephobal Chloch Shiúrdáin i dTiobraid Árann freisin, áit ar chas sé le baill den phobal, agus labhair sé le hionadaithe ó Bhord na Móna agus ón EPA, agus leis an gcomhairleoir timpeallachta Aodhán Mac Pháidín. Láithriú agus léiriú le Cearbhall Ó Síocháin.
Listeners get a second chance today to hear this documentary by Cearbhall Ó Síocháin, Uisce Beatha: Cad a dhéanfaimid feasta le báisteach.
Water charges will put extra pressure on the household budgets, and at the same time we all face the challenge of conserving the world’s water resources. In this documentary, Cearbhall Ó Síocháin focuses on rain water – how we use it, and how we might use it better and more cleverly.
The programme will include lots of advice on saving money on water charges, the best and most effective way to conserve water, and how the State could seize this opportunity to make the best use of our most plentiful natural resource. For the programme, Cearbhall travelled to Inis Oírr in Galway Bay where he spoke to farmers Mícheál Ó Fátharta and Máirtín Ó Coisdealbha about water conservation on the Aran Islands. He travelled to Cloughjordan Ecovillage in Tipperary, and spoke to representatives of Bord na Móna and the EPA, as well as environmental consultant Aodhán Mac Pháidín. Presented and produced by Cearbhall Ó Síocháin.