Mar chuid de cheiliúradh 40 bliain an Oireachtais i gCois Fharraige i gConamara, beidh ceolchoirm anocht i gcuimhne ar an amhránaí Ciarán Ó Con Cheanainn a bhuaigh Corn Uí Riada sa bhliain 2008. Cailleadh go tobann é i 2009. Beidh scór de na fonnadóirí a thug leo Corn Uí Riada le 40 bliain anuas ar stáitse in Óstán na Páirce sa Spidéal, chomh maith le Cór Chúil Aodha. Ar chuid acu sin beidh Joe John Mac Con Iomaire, Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, Sorcha Ghriallais, Nan Tom Teaimín, Lillis Ó Laoire agus Máirín Uí Chéide. Beidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn i láthair ag an ócáid freisin. Seán Ó hÉanaigh a chuirfidh an choirm i láthair.
As part of a festival to celebrate the 40 year anniversary of the Oireachtas taking place in the Cois Fharraige area of Connemara this weekend, a special sean-nós concert will be held in memory of Ciarán Ó Con Cheanainn tonight. Ciarán won Corn Uí Riada in 2008, but passed away suddenly in 2009. Tonight, 20 of the singers who have won Corn Uí Riada over the last 40 years will be on stage in Óstán na Páirce, An Spidéal, to honour his memory. Singers will include Joe John Mac Con Iomaire, Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, Sorcha Ghriallais, Nan Tom Teaimín, Lillis Ó Laoire and Máirín Uí Chéide. President Michael D. Higgins will also attend the concert. Seán Ó hÉanaigh presents.