Seo clár nua i sceideal an fhómhair, dírithe ar an gceol tíre. Jó Ní Chéide a bheidh sa chathaoir, agus beidh sí ag díriú ar cheoltóir tíre ar leith chuile sheachtain. Tabharfaidh sí riar eolais dúinn faoi shaol an amhránaí, agus cloisfear na hamhráin is clúití a bhí acu. An tseachtain seo beidh sí ag díriú ar Alan Jackson. Rugadh Jackson i Newnan, Georgia, sa bhliain 1958. Tá sé ag canadh ó bhí sé 14 bliain d’aois, agus tá 21 albam eisithe aige agus breis is 80 milliúin albam díolta aige. Sa chlár seo, díreoidh Jó ar na hamhráin is mó a bhain clú agus cáil amach do Alan Jackson. Ar chuid de na réalta móra eile a bheidh faoi chaibidil aici sa tsraith seo, beidh Dolly Parton, George Jones, Leann Womack agus George Strait.
This is a new programme in the RnaG autumn schedule, focused on the big stars of country music. Jó Ní Chéide will present the series, with each week dedicated to a different artist. Jó will talk about their lives, and we’ll hear some of their biggest hits. The series will start tonight with a programme about Alan Jackson. Born in Newnan, Georgia, in 1958, he has been singing since the age of 14. To date, he has issued 21 albums, and sold more than 80 million albums. In this show, Jó will play some of his best-known songs for us. Other country stars who will be featured in this series include Dolly Parton, George Jones, Leann Womack and George Strait.