An cappuccino thú? Nó espresso? Dá mbeadh ort cur síos a dhéanamh ort féin i dtéarmaí caife, céard a déarfá fút féin? Seo cuid den chaint agus den spraoi a bheas le cloisteáil ar chlár na hoíche anocht nuair a bheidh Máirín Nic Con Iomaire i mbun comhrá le ceathrar mac léinn ó Choláiste na nOllscoile Corcaigh – Eoin Lyng, Feena Tobin, Siobhán Ní Chorcora agus Punkett Ó Tuathail. Beidh siad ag caint ar cheol, go háirithe na ceoltóirí is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu go dtí seo. Cloisfimid iad ag comhrá faoi chúrsaí drámaíochta agus scríbhneoireachta, agus faoi thaisteal. Roghnaíonn siad ceol ó One Republic, Paul Simon, Kate Bush agus Tom Waits, don chlár. Sraith nua samhraidh atá anseo, a thugann ardán do dhaoine óga lena ndearcadh ar chúrsaí an tsaoil a phléigh, agus beidh scoth an cheoil, spraoi agus tuairimí spéisiúla le cloisteáil air gach seachtain. Máirín Nic Con Iomaire sa chathaoir.
Are you a cappuccino, or an espresso? If you had to describe yourself as a coffee, which would it be? This is some of the fun that can be heard tonight when Máirín Nic Con Iomaire interviews four UCC students – Eoin Lyng, Feena Tobin, Siobhán Ní Chorcora and Punkett Ó Tuathail. They talk about music, particularly the musicians who have had the most influence on them to date. We will hear a discussion on writing and drama, travel, and more. Their musical choices tonight include One Republic, Paul Simon, Kate Bush and Tom Waits. This is a new series featuring young people from all over the country, giving them a platform to express their views on a whole selection of topics, and life in general, as well as sharing their musical choices. Presented by Máirín Nic Con Iomaire.