skip to main content

MP3

Coláiste Ráithín + Coláiste Chilliain Image Name: Coláiste Ráithín + Coláiste Chilliain Description: Pupils form Coláiste Ráithín + Coláiste Chilliain - Pamela Nic Gearailt, Róisín Ní Thuairisc, Killian Ó Buachalla, & Daithí Mac Carthaigh. MP3 7 July 2014
Máirín Nic Con Iomaire Image Name: Máirín Nic Con Iomaire Description: Máirín Nic Con Iomaire

Cloisfimid ceol ó A Tribe called Quest, Elvis Presley agus The Waterboys anocht ar an gclár – rogha na n-aíonna óga ó Choláiste Ráithín, Bré, Co. Chill Mhantáin, agus Coláiste Chillian, Cluain Dolcáin, BÁC.

Tá an Ardteist díreach críochnaithe ag Róisín Ní Thuairisg agus ag Killian Ó Buachalla ó Choláiste Ráithín ach ní hiad na scrúduithe an t-ábhar cainte acu ar an gclár seo!  Déanann Róisín cur síos ar cheol hip hop agus ar an mbanna is fearr léi – A Tribe called Quest, agus casann sí amhrán nua a chum sí féin, ‘Aint got the Blues Blues’, in éindí le Killian.  Labhrann Killian, a tógadh le Fraincis, faoi chúrsaí litríochta na Fraince – fealsúnacht Jean-Paul Sartre ach go háirithe.  Casfaidh Pamela Nic Gearailt amhrán Avicii, agus déanfaidh sí cur síos ar na hoícheanta Karaoke a bhíonn acu sa gcistineach sa mbaile!  Déanfaidh an pianadóir óg cumasach Daithí Mac Carthaigh as Cluain Dolcáin cur síos ar a mhuintir ceolmhar – ar a athair, Eugene McCarthy ón mbanna ceoil The Sugar Cubes agus casfaidh sé Nocturne le Grieg.

Sraith nua samhraidh atá anseo a thugann ardán do dhaoine óga lena ndearcadh ar chúrsaí an tsaoil a phléigh, agus beidh scoth an cheoil, spraoi agus tuairimí spéisiúla le cloisteáil air gach seachtain.  Máirín Nic Con Iomaire sa chathaoir.

 

On tonight’s show we will hear music from A Tribe called Quest, Elvis Presley and The Waterboys – as chosen by tonight’s guests from Coláiste Ráithín, Bré, Co. Wicklow, and Coláiste Chillian, Clondalkin, Dublin.

Róisín Ní Thuairisg talks to presenter Máirín Nic Con Iomaire about hip hop, and her favourite band A Tribe called Quest.  She also performs a song ‘Ain’t got the Blues Blues’, with Killian Ó Buachalla.  Killian was brought up with French, and talks about French literature, and the philosophy of Jean Paul Sartre.  Pamela Nic Gearailt sings a song from Avivii for us, and describes Karaoke nights at home in the kitchen!  Talented pianist Daithí Mac Cárthaigh from Clondalkin describes his musical family – Eugene Mc Carthy from The Sugar Cubes is his Dad – and plays Nocturne by Grieg for us.

This is a new series featuring young people from all over the country, giving them a platform to express their views on a whole selection of topics, and life in general, as well as sharing their musical choices.  Presented by Máirín Nic Con Iomaire.