skip to main content

An Saol ó Dheas

Scoil Dhún Chaoin 1927 Image Name: Scoil Dhún Chaoin 1927 Description: The girls of Scoil Dhún Chaoin in 1927 Copyright: Scoil Dhún Chaoin
Scoil Dhún Chaoin 2014 Image Name: Scoil Dhún Chaoin 2014 Description: The pupils and teachers of Scoil Dhún Chaoin in 2014 Copyright: Scoil Dhún Chaoin

Inniu, craolfar an clár ó Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, an bhunscoil is sia siar san Eoraip, atá ag ceiliúradh 100 bliain ar an bhfód.  111 leanbh a bhí ag freastal ar an scoil nuair a osclaíodh go hoifigiúil í.  Ba é Patrick Guiheen ó Bhaile na hAbha an dalta ba shine sa scoil agus é nach mór 16 bliana d’aois, agus ba í Maggie Houlihan ó Ghleann Loic an dalta ab óige agus gan í ach 3 bliana agus 3 mhí d’aois nuair a thosnaigh sí sa scoil an bhliain sin. As Béarla amháin a bhí ainmneacha na leanaí breactha síos sa Leabhar Rolla. I 1970 dhein an Roinn Oideachais iarracht an scoil a dhúnadh agus na leanaí a aistriú go Scoil an Fheirtéaraigh, ach sheas muintir Dhún Chaoin go láidir i gcoinne chinneadh an Rialtais agus d’éirigh cuid mhaith de phobal na tíre laistiar dóibh, agus sa deireadh chuathas siar ar an gcinneadh.  Tá 23 páiste sa scoil anois.  Inniu, cloisfimid faoi stair na scoile, faoin méid atá beartaithe don todhchaí, agus cloisfimid ó phobal na scoile, idir thuismitheoirí, mhúinteoirí agus dhaltaí.

The programme today will be broadcast from Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, which is celebrating 100 years.  The school is the most westerly primary school in Europe and overlooks the Atlantic Ocean and the Blasket Islands.  There were 111 pupils when it first opened, Patrick Guiheen was the oldest at 16 years of age, and Maggie Houlihan was the youngest at just 3 years and 3 months.  At that time, only the English versions of pupils’ names were recorded in the roll book.  In 1970, the Department of Education attempted to close the school, and to move the children to Scoil an Fheirtéaraigh, but the public protested, and successfully mounted an effective national campaign to have the decision reversed.  The case drew widespread national attention at the time.  There are 23 pupils in the school now, and on the show today we will learn about the school’s past and future, the plans for the 100 year celebrations, and we will hear from the school community – including parents, teachers and pupils.