Beidh an clár ag teacht beo ó Theach Tábhairne Bharr an Chomair inniu, atá ag athoscailt i ndiaidh dó a bheith dóite go talún sa bhliain 2012. Tá an-cháil ar an teach tábhairne le Tim agus Eileen Creedon, an ceann is airde sa tír, atá suite i gCúil Aodha ar an teorann idir Corcaigh agus Ciarraí. Inniu ar an gclár, beidh Helen Ní Shé ag caint le húinéirí na háite, agus leis an bpobal, faoin méid a tharla, agus beifear ag ceiliúradh athoscailt na háite.
Today, An Saol ó Dheas will be broadcast live from the Top of Coom pub in Cúil Aodha on the Cork Kerry border, the highest pub in Ireland. The pub, owned by Tim and Eileen Creedon, was burned to the ground in 2012, and will be reopening today after extensive refurbishment. Helen Ní Shé will be speaking to the owners and to the local community about what happened, and celebrating the pub’s reopening.