skip to main content

Gaol Gairid

Irene and Matt Nolan Image Name: Irene and Matt Nolan Description: Irene and Matt Nolan (daughter and father)

Is iad Matt Nolan agus a iníon Irene a bheidh faoi agallamh ag Cearbhall Ó Síocháin inniu san eagrán deireanach de Gaol Gairid.  Gaillimheach a lonnaigh sa Mhuileann gCearr é Matt a chaith a shaol ag obair ar uisce-bhealaí na hÉireann.  Is grianghrafadóir, craoltóir agus údar é Matt.  Bhí sé lárnach i bhforbairt na gaelscolaíochta sa Mhuileann gCearr, agus páirteach chomh maith in obair Chomhaltas Ceoltóirí Éireann go háitiúil.  Is fís-iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 a iníon Irene.  Bhain sí céim amach sa cheol agus sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Éireann Má Nuad agus ina dhiaidh sin chaith sí seal ag obair mar iriseoir leis an nuachtán Foinse, agus tréimhse ina saor-iriseoir le TG4 sular ceapadh ina hiriseoir físe í le Nuacht.

Today, Matt Nolan and his daughter Irene will be interviewed by Cearbhall Ó Síocháin in the final episode of Gaol Gairid.  Matt Nolan is originally from Galway, but relocated to Mullingar many years ago.  He spent his life working with Irish Waterways.  He is a photographer, broadcaster and author.  He was central to the development of Irish language education in Mullingar, and is also involved in the local Comhaltas Ceoltóirí Éireann.  His daughter Irene is a video journalist with Nuacht RTÉ/TG4.  She has a degree in Music and modern Irish from NUI Maynooth.  After graduation she worked as a journalist with Foinse, and then spent time as freelancer with TG4 before being appointed as a video journalist with Nuacht.