Tráthnóna cloisfimid ceolchoirm a craoladh beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, sa samhradh. Rinne an choirm ceiliúradh ar an dlúthcheangal idir Alba agus Scoil Samhraidh Willie Clancy. I measc na gceoltóirí ar stáitse, bhí: Allan MacDonald, Grúpa John Kelly, Iain agus Mary MacGillivray, Seán Mac Craith, Therese McInerney agus a cairde, Aoife Ní Argáin agus go leor eile. Neansaí Ní Choisdealbha a chuir an oíche i láthair.
This evening, tune in for a concert recorded live at the Willie Clancy Summer School in Miltown Malbay, Co. Clare, celebrating the musical links between Ireland and the Willie Clancy Summer School, and Scotland. Those on stage included Allan MacDonald, John Kelly and friends, Iain and Mary MacGillivray, Seán Mac Craith, Therese McInerney and friends, Aoife Ní Argáin and more. Neansaí Ní Choisdealbha presents.