skip to main content

Gaol Gairid

Fachtna Ó Drisceoil Image Name: Fachtna Ó Drisceoil Description: Fachtna Ó Drisceoil Copyright: Copyrighted
Fachtna Ó Drisceoil Image Name: Fachtna Ó Drisceoil Description: Fachtna Ó Drisceoil

Inniu, is iad na cairde Carmen Rodriguez agus Henry Leperlier a bheidh faoi agallamh ag Fachtna Ó Drisceoil.  As A Coruña i Galicia na Spáinne do Carmen Rodriguez, agus chuala sí an Ghaeilge den chéad uair timpeall 25 bliain ó shin.  Ag éisteacht leis an raidió a bhí sí nuair a chuala sí Harry’s Game le Clannad, agus shíl sí go raibh draíocht faoi leith ag baint le teanga mistéireach an amhráinBhuail sí lena fear céile, José, i rang Gaeilge roinnt blianta níos deireanaí i Madrid agus bhog an bheirt acu go hÉireann, áit ar bhain Carmen céim amach sa Ghaeilge.  Bhí baint aici freisin leis an gcéad foclóir Spáinnise-Gaeilge a chur i dtoll a chéile.  Ní raibh sí i bhfad in Éirinn nuair a cuireadh in aithne í do Henry Leperlier ón Fhrainc, imirceach eile a bhí meallta go hÉireann ag an nGaeilge.  Is de shliocht Vítneam agus Oileán Reunion san Áigean Indiach iad muintir Henry, agus tá sé líofa i deich dteanga.  Labhrann Henry agus Carmen le Fachtna Ó Drisceoil inniu faoi theangacha, faoi chiníochas, faoi chultúr agus faoin pholaitíocht – in Éirinn agus ina dtíortha dúchais.

Today, friends Carmen Rodriguez and Henry Leperlier are interviewed by Fachtna Ó Drisceoil.  Carmen is from A Coruña in Galicia in Spain, and she first heard the Irish language about 25 years ago when she heard the song Harry’s Game, sung by Clannad, and was enchanted by the language.  She met her future husband, José, in an Irish class in Madrid and they subsequently moved to Ireland where Carmen completed a degree in Irish.  She was also involved in the compilation of the first Spanish-Irish dictionary.  Carmen wasn’t long in Ireland when she was introduced to Henry Leperlier, a French man whose love of the Irish language also enticed him to Ireland.  Henry’s family roots go back to Vietnam and Reunion in the Indian Ocean, and he can speak 10 different languages.  Henry and Carmen speak to Fachtna Ó Drisceoil today about language, racism, culture and politics in Ireland and in their own countries.