skip to main content

Gaol Gairid

Donncha Ó hÉallaithe + Mary Owens Image Name: Donncha Ó hÉallaithe + Mary Owens Description: Donncha Ó hÉallaithe + Mary Owens. Gaol Gairid 11 Samhain.

Is iad an gníomhaí teanga Donncha Ó hÉallaithe agus a bhean Mary Owens, síciteiripeoir agus léiritheoir raidió neamhspleách, a bheidh faoi agallamh ag Fachtna Ó Drisceoil ar chlár an lae inniu.  Labhrann siad faoi mar a chas siad le chéile, agus faoi na díospóireachtaí a bhíonn eatarthu féin faoi cheisteanna conspóideacha.  Labhrann Mary faoi mar a rinne sí cinneadh as a stuaim féin, i ngan fhios do Dhonncha, iompú ar an nGaeilge nuair a rugadh a gcéad páiste.  Scriosadh a dteach cónaithe i gConamara roinnt blianta ó shin i dtine tubaisteach, agus labhrann siad faoin tionchar a bhí ag an eachtra sin ar a ndearcadh saoil.  Déantar plé freisin ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, ar an mbaint a bhí ag Donncha leis, agus ar an méid atá i ndán don Ghaeltacht amach anseo.

Today, Fachtna Ó Drisceoil speaks to language activist Donncha Ó hÉallaithe and his wife Mary Owens, a psychotherapist and independent radio producer.  They discuss many things, including how they met, some of the topics of debate in their household, how a devastating fire in their home some years ago changed their outlook on life, and what the future holds for the Gaeltacht.