skip to main content

An Cóipleabhar Feasa

Abbey, Lauren, Aisling & Ciara from Scoil Bhríde Palmerstown Image Name: Abbey, Lauren, Aisling & Ciara from Scoil Bhríde Palmerstown Description: Abbey, Lauren, Aisling & Ciara from Scoil Bhríde Palmerstown. To be heard in series An Cóipleabhar Feasa Copyright: Mícheál Holmes
Katie Ni Shuilleabhain Image Name: Katie Ni Shuilleabhain Description: Katie Ní Shúilleabháin reading from a story from the Schools Manuscript Collection. An Cóipleabar Feasa Copyright: Mícheál Holmes
Coipleabhar - Bailiúchán na Scol Image Name: Coipleabhar - Bailiúchán na Scol Description: A copybook from the Schools Manuscripts Collection, Irish Folklore Collection, UCD. Copyright: Mícheál Holmes

Cuirfear tús inniu le sraith nua cláracha faoi Bhailiúchán na Scol.  Ba é Coimisiún Béaloideasa Éireann a chuir an scéim seo ar bun sna 1930í.  Thar thréimhse ocht mhí dhéag iarradh ar suas le 100,000 páiste scoile ábhar a bhain le béaloideas agus stair áitiúil a bhailiú ina gceantair féin.  Tá sé ar cheann de na scéimeanna bailithe béaloidis is mó a cuireadh sa tsiúl ariamh, agus meastar go bhfuil os cionn leath mhilliún leathanach san iomlán ann.

Sa tsraith nua seo, labhrann Mícheál Holmes le saineolaithe, le daoine a bhí ag bailiú fadó, agus le múinteoirí agus páistí scoile na haoise seo atá ag baint úsáid as an ábhar atá sa bhailiúchán, faoi.  Inniu, beidh cur síos ar stair agus ar chúlra na scéime, cloisfimid samplaí ón mbailiúchán, beidh beirt faoi agallamh a bhí páirteach ann agus iad ar an mbunscoil i nGaeltacht Chiarraí sna tríochaidí, agus cailíní ó Scoil Bhríde i mBaile Phámair ag cur síos ar roinnt seanfhocal sa bhailiúchán atá fós in úsáid.

 

The first programme in a new series about the Schools’ Manuscript Collection, a scheme initiated by the Irish Folklore Commission in the 1930s to gather folklore material from school children all over the country.  It was possibly the largest single folklore collecting scheme ever undertaken.  Over a period of 18 months some 100,000 primary school children in Ireland were encouraged to collect material in their communities about local tradition and history.

Today, we will learn about the background of the scheme, hear samples of the material it contains, interviews with two people who took part in the scheme in Kerry, and girls from Scoil Bhríde in Palmerstown about some of the phrases still in use today.  Presented and produced by Mícheál Holmes.