Inniu, beidh an clár á chraoladh beo ó stiúideo Raidió na Life i gceartlár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá Raidió na Life, stáisiún pobail do mhuintir na Gaeilge san ardchathair, ag ceiliúradh 20 bliain ar an aer i mbliana. Beidh plé ar mhórscéalta an lae ag Painéal an Luain inniu, mar is gnáth, agus plé ar stair agus ar thodhchaí Raidió na Life.
Today, the programme will be coming live from the studios of Raidió na Life in the heart of Dublin. The community station for the Irish-language public in Dublin is celebrating 20 years on air this year. Today, the programme will feature the regular Monday panel discussion of the big stories, as well as looking at the history and the future of Raidió na Life.