Is é an ceoltóir Oisín Walsh Peelo ó Mo Hat Mo Gheansaí aoi na seachtaine ar Thall ‘s Abhus inniu, á chur i láthair ag Sinéad Ní Uallacháin. As Áth na Fuiseoige i gCill Mhantáin d’Oisín, agus traenáil clasaiceach sa cheol aige. Bhunaigh sé an banna Mo Hat Mo Gheansaí lena dheartháir Tadhg. Ar an gclár inniu, cloisfimid a rogha ceoil, agus beidh sé i mbun comhrá le Sinéad faoin ngrúpa ceoil, faoi na pleananna atá acu faoi láthair, agus faoina chúlra féin.
Musician Oisín Walsh Peelo from band Mo Hat Mo Gheansaí is Sinéad Ní Uallacháin’s guest on Thall ‘s Abhus this week. Oisín, from Ashford, Co. Wicklow, is a classically trained musician and founded the band with his brother Tadhg. Music today will be Oisín’s choice, and he will be speaking to Sinéad about the band, about their upcoming plans, and also about his own background.