skip to main content

An Saol ó Dheas

Rinn Ó gCuanach Image Name: Rinn Ó gCuanach Description: Rinn Ó gCuanach - An Rinn - Cloch

Beidh an clár ag teacht beo ón Rinn inniu, áit a bhfuil Daonscoil na Mumhan ar siúl.  Is í an Daonscoil an scoil samhraidh lán-Ghaelach is fad-bhunaithe sa tír, tá sí ar bun gach samhradh ó 1953 gan bhriseadh.  ‘Tionchar na nGael i gcéin’ téama na scoile i mbliana, agus ar na léachtaí atá ar chlár na scoile tá ‘An Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh’, ‘Manaigh Éireann a d’athbhunaigh sibhialtacht na hEorpa’ agus ‘Mná Rialta na hÉireann thar lear sa 19ú hAois’.  Beidh Helen Ní Shé agus foireann an chláir i mbun comhrá le lucht na scoile, le cuairteoirí agus le muintir na háite ar an gclár inniu agus amárach.

The programme will be coming live from An Rinn today where the annual Daonscoil na Mumhan is taking place.  The school is the longest running Irish-language summer school, and has taken place every year since 1953.  The influence of Gaels across the world is the theme of the school this year, which includes lectures on the Irish language in North America, the influence of Irish monks on European civilisation, and the work of Irish nuns abroad.  Tune in for interviews with school organisers and guests, visitors and locals on today’s show.