skip to main content

Thall ‘s Abhus

Aoife Ní Bhriain Image Name: Aoife Ní Bhriain Description: Aoife Ní Bhriain playing on stage for the Seán Ó Riada gold medal. Copyright: Diane Cusack / RTÉ Raidió na Gaeltachta

Is í an ceoltóir Aoife Ní Bhriain a bheidh mar aoi ag Sinéad Ní Uallacháin ar an gclár ar maidin.  As Ráth Éanna d’Aoife, ceoltóir fidle agus veidhlín, agus tá ceol ar an dá thaobh aici – is é an píobaire Mick O’ Brien a hathair agus is ceoltóir agus múinteoir ceoil atá ina máthair, Fidelma.  Rugadh agus tógadh Aoife i mBaile Átha Cliath, agus thosaigh sí ar fhoghlaim an veidhlín clasaiceach nuair nach raibh sí ach dhá bhliain d’aois.  Ní dheachaigh sí ariamh chuig ranganna foirmeálta sa cheol traidisiúnta, ach phioc suas go nádúrtha é ón gceol a chuala sí thart uirthi agus í ag fás aníos.  Bronnadh Bonn Óir Sheáin Uí Riada uirthi i 2011.  Tá sí i mbun staidéir faoi láthair ar an gceol sa Ghearmáin.  Beidh sí i mbun comhrá le Sinéad ar an gclár ar maidin, agus cloisfimid a rogha ceoil freisin.

This morning Sinéad Ní Uallacháin’s guest is fiddler and violinist Aoife Ní Bhriain.  From Raheny in Dublin, Aoife has music from both sides of her family – her father Mick is a well-known piper, and her mother Fidelma is a musician and music teacher.  Aoife began learning classic violin at the age of 2, and picked up traditional muisc naturally at home.  She was awarded the Seán Ó Riada gold medal in 2011, and is currently studying music in Germany.  She will be interviewed by Sinéad on this morning’s programme, and we will also hear her choice of music.