skip to main content

Fuaim agus Focal

Sraith cláracha a thabharfaidh léargas nua dúinn ar an saol comhaimseartha in Éirinn, dírithe ar ghnéithe éagsúla de thraidisiún béil na hÉireann.  Inniu, cloisfimid Abhus agus Thall, scéal teaghlaigh atá scoilte ag an imirce, curtha le chéile ag Deirdre Nic Dhonncha.  Sa chlár, insíonn Bridie Uí Chonghaile a scéal pearsanta féin faoin gcineál saol atá sa bhaile aici le triúr gasúr is a fear céile imithe go Meiriceá ar thóir oibre.  Rugadh a gclann i Meiriceá, agus shocraigh siad tuairim is sé bliana ó shin theacht abhaile chun saol níos fearr a bheith ag na gasúir in Éirinn.  Tharla an lag trá eacnamaíochta go gairid tar éis dóibh cur fúthu i Leitir Mealláin i gConamara, agus dá bhrí sin d’athraigh go leor dóibh.  Is é Feargal Ó Béarra a chasann agus a chum an t-amhrán ‘Conamara na Páirte’ atá le cloisteáil sa chlár.  Tá an tsraith seo, atá á soláthair ag an gcomhlacht Síol Scéal, léirithe le tacaíocht ó Ghréasán na Meán agus ó Údarás Craolacháin na hÉireann faoin scéim Fuaim agus Fís. Tomás Mac Con Iomaire an léiritheoir sraithe.

A new series of programmes focused on different aspects of Irish oral culture, writing and literature, which will give us an insight into contemporary Ireland.   Today, we will hear a programme by Deirdre Nic Dhonncha about a family that has been torn apart by emigration.  In the programme, we will hear Bridie Uí Chonghaile tell us her own personal story of life at home, when three children and her husband have emigrated to America to find work.  The family was born in America, and about six years ago they decided to move back to Ireland to give the children a better life here.  Unfortunately, their return coincided with the economic downturn, which put a very different slant on things.  Today, we hear their story.  The programme includes the song ‘Conamara na Páirte’ composed and performed by Feargal Ó Béarra.  This series from company Síol Scéal has been produced with support of Gréasán na Meán and the BAI through the Sound and Vision Scheme.  Tomás Mac Con Iomaire is series producer.