Sraith cláracha a thabharfaidh léargas nua dúinn ar an saol comhaimseartha in Éirinn. Tá na cláracha dírithe ar ghnéithe éagsúla de thraidisiún béil na hÉireann nó ar an scríbhneoireacht nó an litríocht mar atá, mar a bhí nó mar a bheidh. Inniu, cloisfimid léargas ar shaol na mban i gConamara fad a bhí a gcuid fear ar imirce ar an mbeet i Sasana sna seascaidí agus sna seachtóidí. Mícheál Ó Maoláin an léiritheoir. Tá an tsraith seo léirithe le tacaíocht ó Ghréasán na Meán agus ó Údarás Craolacháin na hÉireann faoin scéim Fuaim agus Fís. Tomás Mac Con Iomaire an léiritheoir sraithe.
A new series of programmes focused on different aspects of Irish oral culture, writing and literature, which will give us a new insight into contemporary Ireland. Today, we will get an insight into life for women in Connemara in the sixties and seventies while their husbands were away working on the sugar beet in England. This series has been produced with support of Gréasán na Meán and the BAI through the Sound and Vision Scheme. Tomás Mac Con Iomaire is series producer.