skip to main content

Cois Mara Thoir sa Rinn

Nioclás Tóibín Image Name: Nioclás Tóibín Description: Nioclás Tóibín Copyright: Gael Linn

‘Do chaitheas Mí’s ba bhreá liom í, Cois Mara thoir sa Rinn’ a deir an t-amhrán, agus tugann Sorcha Ní Chéilleachair cuireadh daoibh seal a chaitheamh i dteannta mhuintir na Rinne i ndá chlár speisialta a chaitheann súil siar ar shaibhreas amhránaíochta, scéalaíochta agus ceoil an cheantair.  Seoda ón gCartlann atá roghnaithe aici, ag díriú ar ábhar ó bhlianta tosaigh Raidió na Gaeltachta.  Cloisfimid ó mhuintir Tóibín sa chéad chlár inniu.  Rí Amhránaí na Rinne é Nioclás, chomh maith lena dheartháireacha agus deirfiúracha Pádraig, Séamus (nó an China Doll mar ab fhearr aithne air), Cáit agus Eibhlís.  Casann uncail na dTóibíneach, Déaglán Ó Seanacháin, port ar an mbosca ceoil agus tabharfaimid cluas le taifead a deineadh sa bhliain 1985 ina gcasann Nioclás féin agus cara mór leis, Labhrás Dráipéar, roinnt amhrán i dteannta a chéile.  Beidh ceol agus amhráin againn chomh maith ó Na Déisigh, Dóirín Mhic Mhurchú, Seosamh Ó Fathaigh, Mícheál de Paor (nó an Comedian mar ab fhearr aithne air), agus Pádraig ‘Peaitsín’ O Domhnaill.

Today, Sorcha Ní Chéilleachair invites listeners to enjoy the first of two special programmes on the musical, literary and folklore history of An Rinn in the Waterford Gaeltacht.  Join her today to hear music from Nioclás Tóibín, king of singers, as well as his brothers and sisters Pádraig, Séamus (or an China Doll as he was known), Cáit and Eibhlís.  We hear music from their uncle, Déaglán Ó Seanacháin, on the box, and we will hear a recording from 1985 of Nioclás singing with his great friend Labhrás Dráipéar.  We will also hear music and song today from Na Déisigh, Dóirín Mhic Mhurchú, Seosamh Ó Fathaigh, Mícheál de Paor (or the Comedian as he was known), and Pádraig ‘Peaitsín’ O Domhnaill.