Is iad Mary Bergin, ceoltóir aitheanta ar an fhéadóg stáin, agus Máire Úna Ní Bheaglaoich, bean an chonsairtín, na haíonna a bheidh ar chlár an tráthnóna ag Méabh Ní Thuathaláin, an clár deireanach sa tsraith. Labhrann Mary faoina taithí a bheith ag casadh ar stáitse, agus mar mháthair. Díríonn Máire Úna ar cheoltóirí ban sa stair, ar an mhéadú atá tagtha ar líon na mban sna seisiúin ceoil, agus labhrann sí fúithi féin, bean a bhíonn ag casadh ceoil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath. Cloiseann muid ceol ón bheirt cheoltóirí chomh maith.
Musicians Mary Bergin, tin whistle, and Máire Úna Ní Bheaglaoich, concertina, are Méabh Ní Thuathaláin’s guests on this evening’s show, the last one in this series on women and traditional music. Mary speaks to Méabh about her experience performing on stage, and as a mother and musician. Máire Úna speaks about women musicians in history, about the increase in women playing in sessions, and she talks about her own music and busking in Dublin city centre. We will hear music from both musicians as well.