skip to main content

Ceol na mBan

Julianne Ni Chonchubhair Image Name: Julianne Ni Chonchubhair Description: Julianne Ni Chonchubhair Copyright: Paul Heyes

An tseachtain seo, labhrann Méabh Ní Thuathaláin leis na píobairí Máire Ní Ghráda agus Julianne Ní Chonchubhair faoi mhná sa cheol traidisiúnta.  Ar an chlár, cloisfimid Máire Ní Ghráda ag caint faoin traidisiún láidir píobaireachta a bhí i gCo. Chorcaí.  D’fhoghlaim Máire a cuid ceoil ón phíobaire iomráiteach Micheál Ó Riabhaigh, nach maireann, fear a chuaigh i bhfeidhm go mór ar cheoltóirí óga an cheantair.  Labhrann Julianne Ní Chonchubhair faoin dóigh a spreagadh í le tabhairt faoi na píobaí agus í ag cur fúithi i Manchain Shasana, áit a bhfuil traidisiún láidir de cheol traidisiúnta agus píobaireachta na hÉireann.  Cé nach bhfeictear mórán ban ag seinm ar na píobaí, tá athrú ag teacht air sin de réir a chéile, dar le Julianne agus Máire.

Today, in this series about women in traditional Irish music, Méabh Ní Thuathaláin speaks to pipers Máire Ní Ghráda and Julianne Ní Chonchubhair about their experiences as women in the tradition.  Máire Ní Ghráda will be speaking about the strong piping tradition in Cork, and the huge influence Micheál Ó Riabhaigh had on her as a teacher, and on a whole generation of young musicians in Cork.  Julianne Ní Chonchubhair talks to Méabh about how she was inspired to learn the pipes while living in Manchester, where there is a strong Irish music and piping tradition.  Although there are not too many women pipers, this is something that is changing bit by bit, according to both Julianne and Máire.