Beidh an clár á chraoladh beo ó Thigh Tábhairne an tSaorsaigh i mBaile an Fheirtéaraigh inniu, áit a bhfuil Scoil Cheoil an Earraigh faoi lán tseoil. Beidh ceol beo le cloisteáil againn ó mhúinteoirí na scoile, agus ó cheoltóirí eile an cheantair, ar an gclár.
Scoil Cheoil bhliantúil í seo, a thugann aird ar leith do cheol, amhráin agus stíl Chorca Dhuibhne. Beidh ranganna, coirmeacha, siúlóidí, seisiúin agus tuilleadh nach iad ar siúl mar chuid den scoil. Beidh gné láidir idirnáisiúnta ag baint leis i mbliana freisin, agus súil le ceoltóirí traidisiúnta ó Galicia, An Eastóin, An Iorua agus an tSualainn, chomh maith le ceoltóirí na hÉireann agus na hAlban dar ndóigh. Is í Helen Ní Shé a bheidh sa chathaoir.
Today the programme will be broadcast live from Tigh Tábhairne an tSaorsaigh in West Kerry where Scoil Cheoil an Earraigh is in full swing. We will hear live traditional music on the show today from some of the school tutors, as well as other local musicians.
Scoil Cheoil an Earraigh is an annual traditional music school paying particular attention to the music, style and of the Corca Dhuibhne peninsula in Co. Kerry. This year there will be classes in a wide range of instruments, as well as concerts, sessions, guided walks and more. This year the school will also have a strong international element as they welcome traditional musicians from Galicia, Estonia, Norway and Sweden, as well as Irish and Scottish musicians. Helen Ní Shé presents the programme.