Ar an gclár tráthnóna, cloisfimid scoth an cheoil a taifeadadh ag Coirmcheoil Chuimhneacháin Mhuiris Uí Rócháin i Rinn na Spáinneach i mí Eanáir. Fathach fir a bhí i Muiris Ó Rócháin, duine de bhunaitheoirí Scoil Samhraidh Willie Clancy, agus tháinig ceoltóirí agus cairde Mhuiris le chéile i mí Eanáir don choirm seo i gcuimhne air.
I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil againn beidh Mick Mulcahy, Mick O’Brien, Liam O’Connor, Séamus Begley, Oisín Mac Diarmada, Johnny Connolly, Jimmy Ó Ceannabháin, John Kelly agus a chairde, Éamonn agus Geraldine Cotter, Charlie Harris agus Mark Donnellan. Á chur i láthair ag Neansaí Ní Choisdealbha.
This evening on the programme we will hear a concert in memory of Muiris Ó Rócháin recorded live in Co. Clare in January. Muiris was a much-loved and highly respected figure in the traditional music circles, and spent many years as Director of the Willie Clancy Summer School. Musicians and friends came together to remember Muiris at this concert which we will hear this evening.
Those on stage included Mick Mulcahy, Mick O’Brien, Liam O’Connor, Séamus Begley, Oisín Mac Diarmada, Johnny Connolly, Jimmy Ó Ceannabháin, John Kelly and friends, Éamonn and Geraldine Cotter, Charlie Harris and Mark Donnellan. Presented by Neansaí Ní Choisdealbha.