skip to main content

Ceol na mBan

Aoife Granville Image Name: Aoife Granville Description: Aoife Granville Copyright: Con Kelleher
MuireannNicAmhlaoibhPress Image Name: MuireannNicAmhlaoibhPress
Méabh Ní Thuathaláin Image Name: Méabh Ní Thuathaláin Description: Méabh Ní Thuathaláin Copyright: RTÉ
Méabh Ní Thuathaláin Image Name: Méabh Ní Thuathaláin Description: Méabh Ní Thuathaláin Copyright: RTÉ

Inniu, cloisfimid an chéad chlár sa tsraith nua seo faoi mhná i saol an cheoil thraidisiúnta.  Is í Méabh Ní Thuathaláin a chuirfidh an tsraith i láthair, fidléir óg as Béal Feirste.  Díríonn na cláracha ar cheisteanna a bhaineann le stíl ceoil, le mná i saol an cheoil in Éirinn, agus déantar plé freisin ar na deacrachtaí atá, agus a bhí, ag mná a bheith ag seinm go poiblí.

Inniu, beidh na ceoltóirí Muireann Nic Amhlaoibh agus Aoife Granville faoi agallamh ag Méabh, agus iad ag caint faoin bhfeadóg mhór, uirlis nár sheinn mórán ban go dtí le déanaí.  Labhrann an bheirt cheoltóirí faoin bhfliúiteadóir cáiliúil Catherine Mc Evoy, bean a tháinig chun cinn luath sna hochtóidí agus a bhí mar cheannródaí ag go leor ceoltóirí ban eile. Déanann siad beirt machnaimh ar stádas na mban sa cheol traidisiúnta agus na deacrachtaí a bhíonn acu.  Díríonn Aoife agus Muireann ar chúrsaí stíle, agus seinneann siad dreas ceoil freisin.

Today, we will hear the first programme in this new series about women in traditional Irish music.  Presented by young Belfast fiddler, Méabh Ní Thuathaláin, the series focuses on the experiences of a group of female traditional Irish musicians, and their opinions on the topic.

Today, flute players Muireann Nic Amhlaoibh and Aoife Granville will speak to Méabh about the flute, an instrument not popular amongst women until recently.  They discuss the influence of flute player Catherine McEvoy, who came to prominence in the 80s, on themselves and other women players.  They reflect on women in the tradition, and some of the difficulties they have, as well as the question of style, and also play us a few tunes.