skip to main content

Oratóir na Nollag

Colm Ó Foghlú Image Name: Colm Ó Foghlú Description: Colm Ó Foghlú Copyright: Colm Ó Foghlú
Oratoir na Nollag Press Image Name: Oratoir na Nollag Press

Tráthnóna, cloisfimid saothar úrnua ceoil cumtha ag Colm Ó Foghlú, Oratóir na Nollag – Ceol ar snámh ón spéir anuas.  Scéal na Nollag, inste le ceol agus amhránaíocht atá sa saothar, agus orthu siúd a bheidh le cloisteáil againn beidh an soprán Lynn Hillary, an fidléir Aoife Ní Bhriain, Niamh Ní Charra ar an gconsairtín agus Noreen O’Donoghue ar an gcruit, chomh maith leis an gcór New Dublin Voice.  As Baile Átha Cliath ó dhúchas do Cholm Ó Foghlú, agus rinne sé staidéar san ollscoil ar cheol agus ar chumadóireacht le Mícheál Ó Súilleabháin i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh.  Tá go leor saothar cumtha aige, ina measc an seó damhsa Gaelforce Dance, a rinne camchuairt an domhain, agus a chonaic 4 mhilliún duine.  Léiriú le maoiniú ón Scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, agus Foras na Gaeilge.

This evening we will hear the first performance of a newly-composed Oratorio by musician and composer Colm Ó Foghlú, Oratóir na Nollag – Ceol ar snámh ón spéir anuas.  Some of those performing will include soprano Lynn Hillary, fiddler Aoife Ní Bhriain, Niamh Ní Charra on concertina and Noreen O’Donoghue on harp, as well as the New Dublin Voice choir.  Colm Ó Foghlú is originally from Dublin, and studied composition under renowned musician Mícheál Ó Súilleabháin in UCC.  He has composed, among others, Gaelforce Dance, a dance theatre show which toured Europe, Asia, Australia and North America, reaching a total audience of 4m people.  This programme was funded by the BAI Sound and Vision scheme, and Foras na Gaeilge.