skip to main content

Scéalaíocht: Fadó agus go deo

Ciarán Ó Maicín Image Name: Ciarán Ó Maicín Description: Ciarán Ó Maicín Copyright: Ciarán Ó Maicín

Traidisiún agus ealaín na scéalaíochta sa lá atá inniu ann, agus sna laethanta a bhí, a bhíonn faoi chaibidil sa tsraith seo le Mairéad Uí Dhomhnaill.  An scéalaíocht ó dheas sa Rinn agus ó thuaidh in Ard Mhacha agus i mBéal Feirste téama an chláir inniu. 

Inseoidh Ciarán Ó Gealbháin agus Neans Ní Riagáin dúinn faoi thogra béaloidis faoi sheanchas na mban atá idir lámha ag Roinn an Bhéaloidis, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, faoi láthair.  Inseoidh an scéalaí siúlach Frances Quinn as Ard Mhacha dúinn faoi mar a thuill sí ticéad traenach idir Nua Eabhrac agus Milwaukee sna Stáit Aontaithe, tráth, trí scéalta a insint do na paisinéirí, agus faoi mharatón scéalaíochta sa Spáinn.  Faoi dheireadh, déanfaidh Ciarán Ó Maicín cur síos ar scéalaíocht ina cheantar dúchais in Ard Mhacha agus i mBéal Feirste.  Léiriú agus láithriú le Mairéad Uí Dhomhnaill.  Léiríodh an clár seo le maoiniú ó Scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, agus urraíocht ó Fhoras na Gaeilge. 

This series explores the art and tradition of storytelling, and today we will learn about the tradition of storytelling in the south of the country in An Rinn in Waterford, and in the north in Armagh and Belfast. 

Ciarán Ó Gealbháin and Neans Ní Riagáin will speak to us about a folklore project underway in UCC.  Storyteller Frances Quinn from Armagh will tell us how she earned a train ticket from New York to Milwaukee by storytelling for passengers, and about a trip to a storytelling marathon in Spain.  Finally, Ciarán Ó Maicín will give us an insight into the storytelling tradition in Armagh and Belfast.  Presented and produced by Mairéad Uí Dhomhnaill.  This series has been funded by the BAI’s Sound and Vision scheme, and received sponsorship from Foras na Gaeilge.