skip to main content

Scéalaíocht: Fadó agus go deo

Pádraig Ó Baoighill Image Name: Pádraig Ó Baoighill Description: Pádraig Ó Baoighill Copyright: Gael Linn
Gearóidín Breathnach Image Name: Gearóidín Breathnach Description: Amhránaí agus scéalaí Gearóidín Breathnach / singer and storyteller Gearóidín Breathnach Copyright: RTÉ

Traidisiún agus ealaín na scéalaíochta sa lá atá inniu ann, agus sna laethanta a bhí, a bhíonn faoi chaibidil sa tsraith seo le Mairéad Uí Dhomhnaill.  Traidisiún na scéalaíochta i nDún na nGall téama an chláir inniu.  Cloisfimid an scéal iomráiteach Tóraíocht Dhiarmaid agus Gráinne ó Eoghan Ó Curraighín, scéal atá ar chúrsa Gaeilge na hArdteistiméireachta.  Cloisfimid cur síos ar oidhreacht chultúrtha Rann na Feirste ón údar Pádraig Ó Baoighill agus ó Ghearóidín Breathnach, scéalaí agus amhránaí.  Léiriú agus láithriú le Mairéad Uí Dhomhnaill.  Léiríodh an clár seo le maoiniú ó Scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, agus urraíocht ó Fhoras na Gaeilge. 

This series explores the art and tradition of storytelling, and today it will look at the tradition of storytelling in Donegal.  On the programme we will hear the well-known story Tóraíocht Dhiarmaid agus Gráinne, currently on the Leaving Cert course, told by Eoghan Ó Curraighín.  The show will also include a description of the cultural heritage of the Rann na Feirste area by Pádraig Ó Baoighill and singer and storyteller Gearóidín Breathnach.  Presented and produced by Mairéad Uí Dhomhnaill.  This series has been funded by the BAI’s Sound and Vision scheme, and received sponsorship from Foras na Gaeilge.