skip to main content

Scéalaíocht: Fadó agus go deo

Máiréad Uí Dhomhnaill Image Name: Máiréad Uí Dhomhnaill Description: Máiréad Uí Dhomhnaill Copyright: RTÉ RnaG/Seán Ó Mainnín

Traidisiún agus ealaín na scéalaíochta sa lá atá inniu ann, agus sna laethanta a bhí, a bheidh faoi chaibidil sa tsraith nua seo le Mairéad Uí Dhomhnaill. Traidisiún na scéalaíochta i gCorca Dhuibhne ábhar chlár an lae inniu. Caint agus scéalta le Tomás Ó Mainnín, Malachaí Mac Amhlaoibh, agus Domhnall Mac Síthigh, i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. Tá scéal púcaí ag Tomás, scéal fiannaíochta ag Malachí agus scéal grinn ag Domhnall. Léiriú agus láithriú le Mairéad Uí Dhomhnaill. Léiríodh an clár seo le maoiniú ó Scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, agus urraíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Today we will hear the first programme in a new series about the art and tradition of storytelling. The theme of today’s programme is the tradition of storytelling in Corca Dhuibhne in Kerry. We will hear stories and interviews from Tomás Ó Mainnín, Malachaí Mac Amhlaoibh and Domhnall Mac Síthigh. Tomás will regale us with a ‘pooka’ story, Malachi Mac Amhlaoibh has a story about the Fianna for us, and Domhnall finishes off with a humorous tale. Presented and produced by Mairéad Uí Dhomhnaill. This series has been funded by the BAI’s Sound and Vision scheme, and sponsorship from Foras na Gaeilge.